Posted by in News.


RE: Townland Names—Baile Chláir/Baile Cláir na Gaillimhe

Claregalway Amenity Group received a letter from Galway County Council stating that Claregalway is described in Irish as Baile Chláir. It was then forwarded to the Ordnance Survey Office in Phoenix Park, Dublin 8 and the following is the reply we received:


Tagraím do litir faoin Iogainm Baile Chláir/Claregalway. Socraíodh Baile Chláir mar an leagan dlíthiúil Gaeilge ar an ainm Claregalway ar ordú an Aire Airgeadais, tar éis dó comhairle a ghlacadh ón Choimisiún Logainmneacha, in Ionstraim Reachtúil Uimhir 133 de 1975 dar teideal An tOrdú Logainmneacha (Foirmeacha Gailege) (Uimh. 1) 1975.

Bunaíodh an leagan Baile Chláir ar thaighde a rinne Brainse Logainmneacha na Suirbhéireachta Ordanáis agus foilsíodh é on Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist (1969). De réir an taighde sin, is léir gurb é Baile Chláir an leagan ba choitianta ag cainteoirí Gaeilge sa cheantar agus ba chirte de réir na fianaise stairiúla. Is mar aithris dheireannach ar an leagan Béarla, Claregalway, atá an leagan naemhoifigiúil Gaeilge, Baile Chláir na Gaillimhe, ann. Is fiú a rá nach bhfuil an leagan Béarla seo fhéin ann ach le corrach is dhá chéad bliain.

Tá súil agam go bhfreagraíonnn an míniú seo do cheist.

Is mise le meas,
Dónall MacGiolla Easpaig,
Ardoifigeach Logainmneacha