Posted by in Sport.


Bhí cluiche ceannais na h-Éireann ar siúl Dé Domhnaigh seo caite i bPáirc an Chrócaigh. Bhí Gaillimh ag imirt in aghaidh an Mhí. Roimh an gcliuche bhíomar ar an teilifís ag canadh. Roimh an gcluiche bhí na peileadóirí istigh sa seomra gléasta ag ullmhú don cluiche. Nuair a bhí siad réidh rith siad amach ar an bpáirc. Nuair a chonaic an lucht leanúna na foirne thosaigh siad ag screadadh agus ag béiceadh. Ansin thosaigh an réiteoir an cluiche. Croitear na bratacha marún agus bán agus na bratacha glas agus buí.

Bhí an céad leath go han mhaith. Ach ní raibh Padraic Joyce go han mhaith sa chéad leath mar bhí an ghrian á dhalladh agus chic sé an liathróid amach thar an líne. Bhí na foirne ar chomhscór ag leath ama. Bhí an dara leath go hiontach. Fuair an Mhí cic pianóis. Chic Trevor Giles an pianóis ach chuaigh an liathróid amach thar an líne. Thosaigh muinntur na Gaillimhe ag béiceadh. Bhí díoma ar mhuinntur an Mhí. Bhí siad ina dtost. Bhí Padraic Joyce ar fheabhas agus ghnóthaigh sé deich gcuilín. Thaispeáin an réiteoir cárta buí do chúpla peileadóirí. Fuair Nigel Nestor cárta dearg. Béigean dó dul go dtí an taobh líne. Nuair a bhí an cluiche thart bhí an bua ag Gaillimh agus ghlac Gary Fahy, an captaen, corn Sam Mhic Uidhir. Bhí an scór seacht gcuilín déag in aghaidh ocht gcuilín. Nuair a bhí an oráid thart rith beirt duine ón bhfoireann timpeall na páirce leis an gcorn. Fuair peileadóirí na Gaillimhe bonn óir agus fuair peileadóirí an Mhí bonn airgid. Thosaigh foireann na Gaillimhe agus daoine ón Gaillimh ag ceiliúradh.

Máire Ní Allmhuráin,
aon bhlian déag daois
Rang a cúig
S.N Baile Clár na Gaillimhe