Posted by in Features.


Fuair an oiread sin daoine bás timpeal orainn le tamall, cuid acu óg agus gan choinne gur cuireadh an scéilín seo a bhíodh ag na sean daoine fadó i gcuimhne dhúinn, scéilín adeirtí a bhí fíor agus nach raibh ag dul i bhfad siar:


Bhí an lánuin áirid seo in a gconaí faoin tuath agus bhí aon mhaicín amháin cloinne ortha. Bhi scata géabha ag an lanúin agus gandal ina measc. Gach trathnona bhíodh ar an t-athair na géabha a bhailiu agus a chur isteach i gcóir na hoiche agus ar nóigh bhíodh an leaidín óg in éindí leis. Ach bhí faitíos air roimh an ngandal. Bhiodh se i gcónaí ag síneadh a mhéire air agus a rádh “mearach an ceann sin bheadh mé fhéin inann íad a chuir isteach.”

Ach ceann de na láetheannta céanna sin fuair an t-athair cic ó chapall agus maraíodh e ar an toirt. An trathnona indiadh na sochraide agus an t-athair anois i gcré na cille bhí an mhathar agus an maicín sa teach leo fhéin agus iad go dú-bhrónach croí-bhriste agus is mar seo a labhair an mhathar “is géarr ó inné go dtí inniu, agus is géarr a bhíonns an t-éag a teacht eirí suas a ghiolla na méire agus cur thú fhéin na géabha isteach.”

Micheál O’Heidhin