Posted by in News.


A Commemoration Plot in memory of those who lost their lives in the tragic Famine of 1847 was officially opened by Senator Jarlath McDonagh on Sunday the 12th October last. The plot was put in place by Claregalway Amenity Group in conjunction with the FÁS scheme. Chairperson, Josette Farrell welcomed all to the gathering which, she said, was a special day for the people of Claregalway. Ms Farrell welcomed Senator Jarlath McDonagh, Very Rev. Canon Noel Mullin, Canon Callanan, Colm Wallace of Galway County Council and, above all, the people of Claregalway who had been such a help to Claregalway Amenity Group. Particular word of gratitude was extended to the four stone masons employed on the FÁS scheme, namely Joe Cloherty, Michael Cloherty, Pat Feeney and Noel Moran.

Senator McDonagh in unveiling the plaque congratulated Claregalway Amenity Group for their tremendous work in the area. It was great to see rural communities honour those who lost their lives in the tragic events of a hundred and fifty years ago and Claregalway was to be warmly congratulated. He paid tribute to the work of FÁS and the co-operation of Galway County Council, thanking Colm Wallace for his endeavours on the project.

Canon Mullin, in blessing the plot, asked for prayers for all who lost their lives in those tragic years.


Below is an oration in memory of the Famine victims was given by Michael Hynes of Carnmore:

Na Fataí Bána

Mo mhíle slán do na fataí bána,
ba subhach an áit a bheith in aice leo,
Ba fáilí soineannta iad ag tíocht chun láithreach
Agus iad ag gáirí linn ar cheann on bhoird.

Ba chabhair don bhanaltra iad, don fhear is don gharlach,
Don lag is don láidir, don óg is don chríon,
Ach fáth mo dhocharna is ábhar m’angair,
Gur lobh na preátaí gan sioc ná síon.

Is é mo dhíobháil dheachrach, is mo ghalra dubhchroíoch,
Na fataí ag dúchan ins gach ceárd den domhan,
Na gais críon seargtha ón gcéad lá Lúnas’,
Gan bláth ná snua orthu ach mar bheadh faoi Shamhain.

Nach é seo an scéal docharnach ag tíocht an Fhómhair,
An t-údar bróin dúinn agus briseadh croí,
An bheatha a chleachtamar i dtús ár n-óige,
Bheith lofa dreoite gan mhaith gan bhrí.

Ba iad ár gcaraid iad ó am ár gcliagháin,
Ach is é mo dhíobháil iad imeacht uainn,
Ba mhaith an chuideacht iad is an t-údar rinnce,
Bhíodh spóirt is siamsa againn in aice leo.

Ba iad an bhanaltra iad a bhíodh ár mbréagadh,
In aimsir béilí de ló is d’oíche,
Faoi chaoi do leanbhaí ba cheann maith réitigh iad,
Go moch ag éirí dhóibh is ag dul a luí.

Míle bliain agus a hocht de chéadta,
Dhá fhichead gan bhréig is a sé ina cheann,
Ó thuirling an Slánaitheoir I gcolainn daonna,
Go dtáinig léanscrios ar fhataí an domhain.

Sin é an dáta is ní fáth gan ábhar,
A mbeidh cuimhne is trácht air I gcaitheamh an tsaoil,
Mar níor tháinig uireasa dhá mhéad a cháilíocht,
Is mó na ganntan is easba an bhídh.

Tá teach an ospidéil is an poorhouse líonta,
Agus coirp á síneadh ann go domhain in gcré,
Is gan ann de sholamar de ló nó d’oíche,
Ach praiseach bhuí ach dhá cheann an lae

Is iomaí duine bocht de bharr an scéil seo,
Nach bhfuil thar béile aige go ceann den ló,
Gan buaile ar chnoc aige a thabharfadh braon dó
Na seisreach gléasta le dhul chun fóid.

Gan ór gan airgead, gan creidiúint shaolta,
Gan tnúth le tréan againn ach amháin le Dia,
Ach muintir Shasana ag tabhairt páí lae dhúinn,
Dhá bhonn ar éigin gan deoch gan bia.

Is iomaí teach a bhfuil ochtar daoine ann,
Is gan fear le saothrú ach aon duine amháin,
Siúd pingin don duine acu, gan caint ar an tSaoire,
Agus lá na díleann níl faic le fáil.

Céard a cheannós bráithlín don fhear a sínfear,
Tobac ná píopaí ná cónra chláir,
Ach Ard-Rí Fhlaithiúnais le cabhair is slí ‘againn,
Agus ar ndóigh b’aoibhinn dhúinn dhá bhfaigheadh muid bás.

Dhein Tú an Phaidir, a Thiarna, is Tú ar Do ghlúine,
Agus cheap Tú dhúinne ár mbia gach lá,
Déan anois linn de réir mar dúrais,
Is ná leig le fuaidreamh sinn ná le fán.

Tabhair inniu dúinn ár n-arán laethúil,
Agus tabhair mar an gcéanna dúinn in gcaitheamh ár saoil,
Is nuair fhágfas an t-anam bocht an cholainn daonna,
Tabhair ar féasta sinn go Flaitheas naomh.