Posted by in News.


Preasráiteas: Maidin Chaife do Phobal Ghaeilge Baile Chláir

A Chara,

Ba mhaith linn i gColáiste Bhaile Chláir cuireadh a thabhairt duit teacht chuig ár Maidin Chaife ar an 12ú Márta ag 10am.

Is í aidhm an ócáid seo ná Pobal Ghaeilge an ceantar a thabhairt le chéile agus seans a thabhairt don phobal iomlán meascadh agus sárthaispeántas a thabhairt ar an obair atá i mbun láimhe.

Is mar chuid do Seachtain na Gaeilge atá an ócáid seo a eagrú againn agus ba mhaith linn i mBaile Chláir, ardán a thabhairt don Ghaeilge. Go háirithe agus Coláiste Bhaile Chláir ag lorg aitheantais mar scoil Ghaeltachta.

Beidh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív mar aoi speisialta ag an ócáid, chomh maith le gnólachtaí áitiúla, grúpaí Gaeilge agus pobal na scoile.

Táthar ag tabhairt cuireadh do na meáin chumarsáide idir nuachtáin, stáisiún raidió agus teilifíse teacht agus ceiliúradh a dhéanamh linn i halla na scoile ar an 12ú Márta agus tacaíocht a thabhairt don ócáid.

Mar sin, tá fáilte mhór romhat, teacht agus ceiliúradh a dhéanamh linn. Ba mhór an chabhair dúinn é dá bhféadadh tú an scéal a scaipeadh dúinn agus fiú é a fhogairt ar shuíomh idirlín nó meáin shóisialta lenár bpóstaer thíos.

Táimid ag tnúth go mór cloisteáil uaibh.

Roinn na Gaeilge,

Coláiste Bhaile Chláir.