Posted by in Features.


Preaseisiúint ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe & Gaillimh le Gaeilge

 

                                                                                              English version follows

LÁNCHOSC GO DTÍ:  DÉ LUAIN 26 SAMHAIN 2018 @ 8.00R.N

                                                                                                                                                 

Plean Teanga do Chathair na Gaillimhe

Déanfaidh an Oifig Taighde, laistigh d’Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, plean teanga seacht mbliana (2019-2026) a ullmhú agus a sheachadadh do Chathair na Gaillimhe. Sna míonna amach romhainn, beidh an Dr John Walsh, Roinn na Gaeilge agus an Dr Dorothy Ní Uigín, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gceannas ar fhoireann saineolaithe sa phleanáil teanga chun an plean a fhorbairt don Chathair.

Is é cuspóir phlean teanga Chathair na Gaillimhe, de réir pholasaí an Rialtais, cur le húsáid agus eolas cumarsáide na Gaeilge mar theanga pobail i gCathair na Gaillimhe ar bhonn incriminteach. Bhunaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge coiste stiúrtha nua (Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Gaillimh (CSPT Gaillimh) le tacú le agus treoir a thabhairt d’ullmhú agus seachadadh plean teanga do Chathair na Gaillimhe. Tá ionadaíocht ar an gCoiste ó na hearnálacha poiblí, príobháideacha, pobail agus deonacha i gCathair na Gaillimhe.

Ag tagairt don phlean teanga, deir Brendan McGrath, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:

“Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe an-sásta bheith páirteach sa tionscnamh seo do Chathair na Gaillimhe. Tabharfaidh sé struchtúr éifeachtach mar aon le bonn acmhainní do phleanáil teanga inbhuanaithe i gCathair na Gaillimhe don tréimhse 2019-2026 agus thairis sin.”

Deir Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge:

“Tá tréimhse spreagúil amach romhainn, ní hamháin don Ghaeilge ach do Chathair na Gaillimhe chomh maith. Mar bhaill do CSPT Gaillimh, tá muid ag súil le bheith ag obair go dlúth leis an Dr John Walsh agus an Dr Dorothy Ní Uigín, agus muid ag freastal ar mhuintir na Gaillimhe chun réimse de thionscadail phraiticiúla agus insroichte, a bheas éifeachtach ó thaobh costais de, a leagan amach. Beidh tréimhse ar leith i gceist leis na tionscadail. Is é cuspóir an phlean ná úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga laethúil a chur níos faide chun cinn, a chothú agus a mhéadú chomh maith le stádas na Gaillimhe mar Chathair Dhátheangach na hÉireann a chur i bhfeidhm ar bhealach níos suntasaí.”

 Ag labhairt dó ar an obair atá amach rompu, dúirt an Dr John Walsh:

“Le linn na míonna amach romhainn, táimid ag súil le dul ag obair leis an gCoiste Stiúrtha Pleanála Teanga, Gaillimh le cinntiú go ndéanfar plean teanga rathúil a ullmhú don chathair.  Beidh dhá chéim i gceist leis an tionscadal pleanála: ar an gcéad dul síos, déanfar athbhreithniú ar thaighde cuí atá déanta cheana agus ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta; agus ar an dara dul síos, déanfar beart comhairliúcháin a reáchtáil leis na páirtithe leasmhara cuí. Tá súil againn freisin tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais agus ar mhianta na ngréasán Gaeilge atá ag feidhmiú sa chathair i láthair na huaire.”

Tá an Dr John Walsh ina Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí & na gCultúr. Múineann sé an tsochtheangeolaíocht ag leibhéal na bunchéime agus na hiarchéime. Tá an Dr Dorothy Ní Uigín ag feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá spéis faoi leith aici i dteagasc agus sealbhú teanga.

 

CRÍOCH

Tuilleadh eolais: Bríd Ní Chonghóile, Ardfheidhmeannach

Gaillimh le Gaeilge, Teach Uí Chiaruáin, Sráid Thobar an Iarla, Gaillimh. H91 N92N

++ 91 568876 / 087 2863075 @GaillimhGaeilge  [email protected]   www.gleg.ie

 

Tuilleadh eolais: Dr John Walsh, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí & na gCultúr, Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  H91 TK33

Teil/Tel: ++ 91 492563 Twitter @nuachainteoir

Gréasán/Web: http://www.nuigalway.ie/our-research/people/languages-literatures-and-cultures/johnwalsh/

 

Nóta don Eagarthóir

Tá an Tionscadal Gaeilge seo á chomhmhaoiniú ag Foras na Gaeilge tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

 

                                

 

 

Galway City Council & Gaillimh le Gaeilge Press Release

EMBARGO UNTIL:  MONDAY 26TH NOVEMBER 2018 at 8.00am

 

Irish Language Plan for Galway City

 

The Research Office within the National University of Ireland, Galway will prepare and deliver a seven year Irish Language Plan for Galway City 2019-2026. Dr John Walsh, Roinn na Gaeilge and Dr Dorothy Ní Uigín, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, will lead a team of experts in language planning over the next few months to develop the Plan for the City.

The objective of the Irish Language Plan, in line with Government policy, is to increase on an incremental basis, the communicative use and knowledge of Irish in Galway city as a community language. A new steering Group, Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Gaillimh (CSPT Gaillimh), was jointly established by Gaillimh le Gaeilge and Galway City Council to support, guide and oversee the progress and the delivery of an Irish Language Plan for the city. Members of the Coiste represent a broad cross-section of the public, private, community and voluntary sectors in Galway city.

Speaking on the Irish Language Plan, Galway City Council Chief Executive, Brendan McGrath says: “Galway City Council is very pleased to be involved with this initiative for Galway city. It will provide an effective structure and a resource base for sustainable Irish language planning in Galway city for the period 2019-2026 and beyond.”

Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey says:

“This is an exciting time ahead not only for the Irish language but also for Galway City. As members of CSPT Gaillimh, we look forward to working closely with Dr John Walsh and Dr Dorothy Ní Uigín as we engage with the people of Galway to set out a range of practical, cost-effective, achievable initiatives with a specified timeframe in the plan. The clear objective of the plan will be to further promote, support and increase the communicative use of the Irish language as a norm in everyday life as well as delivering on Galway’s status as Ireland’s Bilingual City.”

Speaking about the work ahead, Dr John Walsh says:

“Over the next few months, we look forward to working with Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Gaillimh, to ensure that we deliver a successful language plan for the city. The planning project will comprise two phases; firstly a review of existing relevant research and international best practice and secondly a consultation exercise with relevant stakeholders and interested parties. We also hope to gain a better understanding of the needs and desires of the Irish language networks already operating in the city.”

Dr John Walsh is a Senior Lecturer in Irish at the School of Languages, Literatures and Cultures, specialising in sociolinguistics. Dr Dorothy Ní Uigín, is Acting CEO of Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, at the National University of Ireland, Galway. She is interested in language teaching and acquisition.

Tuilleadh eolais / Further information: Bríd Ní Chonghóile, Ardfheidhmeannach

Gaillimh le Gaeilge, Teach Uí Chiaruáin, Sráid Thobar an Iarla, Gaillimh. H91 N92N

(091) 568876 / 087 2863075 [email protected]  www.gleg.ie

 

Tuilleadh eolais / Further information: Dr John Walsh, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí & na gCultúr, Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  H91 TK33

Teil/Tel: ++ 91 492563 Twitter @nuachainteoir

Gréasán/Web: http://www.nuigalway.ie/our-research/people/languages-literatures-and-cultures/johnwalsh/